Who am I?

I am an early childhood educator. I have worked in early years services, and in community development. Returning to education later in life, I completed my MA and PhD at the University of Galway.

Now I work as a lecturer and researcher. I am a leader in the field of education in Ireland, serving on State Councils, Advisory boards, and in undertaking national & international research*. My wealth of experience, knowledge and skills from local, national and international work, places me in a strong position to represent the people of Galway West.

I am a returned Irish citizen, born in Toronto, Canada to Irish immigrant parents. Galway has been my home for over 25 years, and it’s where my husband Jim and I reared our five children. Our family now includes three wonderful grandchildren.

For over 20 years, I’ve worked alongside communities, volunteers, and local activists to support the causes, campaigns and candidates that reflect the values I believe in. I’m stepping forward now, for the first time as a candidate, because I want to continue that work — directly, openly, and with the people of Galway West at the centre.

My priority is simple: the needs of the people of Galway West come first. Every decision should be shaped by fairness, dignity, and an awareness of the lived realities of our communities. As an independent candidate, I am not beholden to a political party or other vested interests — I only answer to the people of Galway West and I will fight to improve the quality of life for all those who call this place their home.

Today, there is a gap in independent left representation in Galway West — a gap in the kind of principled, value-driven politics that is grounded in community and inclusion, in a sense of fairness and equality. I’m contesting the upcoming Galway West by-election because I believe these values matter. I believe this independent tradition deserves continuity. And I believe that independent voices grounded in participation, collaboration and community, are essential to a healthy democracy.

Please join me!

Cé mé?

Is oide luath-óige mé. D’oibrigh mé i seirbhísí luath-bhlianta agus i bhforbairt pobail. Ag filleadh ar an oideachas níos déanaí i mo shaol, chríochnaigh mé mo MA agus mo PhD in Ollscoil na Gaillimhe.

Anois, oibrím mar léachtóir agus mar thaighdeoir. Is ceannaire mé i réimse an oideachais in Éirinn, ag freastal ar Chomhairlí Stáit, ar bhoird chomhairleacha, agus ag tabhairt faoi thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta*. De dheasca na taithí shaibhre seo, an eolais agus na scileanna a chruinnigh mé i mo chuid oibre náisiúnta agus idirnáisiúnta, tá bunús láidir agam chun ionadaíocht a dhéanamh ar mhuintir Ghaillimh Thiar.

Is saoránach Éireannach mé. Rugadh agus tógadh i dToronto, Ceanada mé do thuismitheoirí Éireannacha a bhí ar imirce ann. Sí Gaillimh mo bhaile anois le breis agus 25 bliain, agus is anseo a thóg m’fhear céile Jim agus mé féin ár gcúigear clainne. Tá tár dteaghlach caoin méadaithe anois le triúr garpháistí iontacha.

Le breis is 20 bliain tá mé ag obair i measc muintir an phobail, le hoibrithe deonacha, agus le gníomhaithe áitiúla ag tacú leis na cúiseanna, na feachtais agus hiarrthóirí a léirionn na luachanna a gcreidim féin iontu. Táim mo chur féin chun tosaigh anois, den chéad uair mar iarrthóir, mar ba mhaith liom leanúint leis an obair sin — go díreach, go hoscailte, agus le muintir Ghaillimh Thiar i gcroílár gach rud.

Tosaíocht shimplí atá agam: is iad riachtanais mhuintir Ghaillimh Thiar an phriaracht. Ba cheart gach cinneadh a mhúnlú de réir cothroime, dínite, agus tuisceana ar shaoil réalaíocha ár bpobal éagsúil — ar na hoileáin, sna sráidbhailte agus sna bailte, agus inár gcomharsanachtaí uirbeacha. Mar iarrthóir neamhspleách, níl mé faoi cheangal ag aon pháirtí polaitíochta ná ag aon pháirtithe leasmhara eile — ní fhreagraím ach do mhuintir Ghaillimh Thiar agus troidfidh mé ar a son, chun caighdeán bheatha gach duine i nGaillimh Thiar a fheabhsú. Faoi láthair, tá bearna i nGaillimh Thiar i léiriú na heite clé neamhspleáiche — bearna sa chineál polaitíochta phrionsabálta, luach-bhunaithe atá fréamhaithe sa phobal agus san uile-chuimsitheacht, san tuiscint ar chothroime agus ar chomhionannas.

Táim ag seasamh san fhothoghchán atá le teacht i nGaillimh Thiar mar creidim go bhfuil na luachanna seo tábhachtach. Creidim go bhfuil leanúnachas tuillte ag an traidisiún neamhspleách seo. Agus creidim go bhfuil guthanna neamhspleácha, atá fréamhaithe sa rannpháirtíocht, sa chomhoibriú agus sa phobal, riachtanach don daonlathas folláin.

Bí liom, le do thoil!