We are a wealthy country, yet nothing seems to be functioning well. The social contract has been broken, not by the people but by our governments. Many rightly feel left behind and unheard.

I believe we should invest in people, infrastructure, housing, healthcare, disability services and transport - when people's everyday lives improve, we all thrive.

I believe in: a rights-based approach to housing, accessibility, education, educational supports, and health services. We need sustainable and creative transport solutions.

Above all else, those in Galway West must have a voice in matters that affect their lives.

Is tír shaibhir muid, ach is cosúil nach bhfuil aon rud ag feidhmiú i gceart. Tá an conradh sóisialta briste, ní ag an bpobal ach ag ár rialtais. Mothaíonn go leor go bhfuil siad fágtha ar lár gan glór gan cluas éisteachta. Agus údar maith acu.

Creidimse gur cheart dúinn infheistíocht a dhéanamh i ndaoine, i mbonneagar, i dtithíocht, i gcúram sláinte, i seirbhísí míchumais agus i gcóras iompair — nuair a fheabhsaíonn saol laethúil daoine, éiríonn linn uile.

Creidim i gcur chuige atá bunaithe ar chearta maidir le tithíocht, inrochtaineacht, oideachas, tacaíochtaí oideachais agus seirbhísí sláinte. Teastaíonn réitigh iompair atá inbhuanaithe agus cruthaitheach uainn.
Thar aon ní eile, ní mór go mbeadh guth ag muintir Ghaillimh Thiar sna cúrsaí a mbíonn tionchar acu ar a saol.

The health of our environment has been sidelined; yet our lakes, rivers, the air we breathe, are markedly deteriorating. We must place the health of our planet at the centre of our decision making.

The cost of living is worsening by the day. Rather than inefficient and regressive populist reactions, We need an evidence-based strategy, to make the greatest impact where most needed.

Promoting peace, ensuring our neutrality, defending the Triple Lock, and speaking out against genocide, reflect the values that are core to the people of Ireland. I will fight for these issues on behalf of Galway West.

I will also champion our vibrant arts and culture in Galway West. I will continue supporting the Irish language, as I have through my career. It is a living, yet vulnerable language; it is a way of life holding a rich reservoir of culture, story, and tradition. Gaeltacht communities must be protected.

Tá sláinte ár gcomhshaoil curtha ar leataobh; ach tá ár gcuid lochanna, ár n-aibhneacha agus an t-aer a análaímid ag dul in olcas go suntasach. Ní mór dúinn sláinte ár bpláinéid a chur i gcroílár na gcinntí a ghlactar.

Tá an costas maireachtála ag dul in olcas ó lá go lá. Seachas gníomhaiochtaí atá pobalach agus míéifeachtach agus a chuireann céim ar chúl muid, teastaíonn straitéis bunaithe ar fhianaise uainn chun an tionchar is mó a imirt san áit is mó a bhfuil gá leis.

Cur chun cinn na síochána, ár neodracht a chinntiú, an Triple Lock a chosaint, labhairt amach i gcoinne an chinedhíothaithe - is luachanna iad seo atá i gcroílár mhuintir na hÉireann. Rachaidh mise chun troda ar son na gceisteanna seo thar ceann Ghaillimh Thiar.

Tacóidh mé freisin leis na healaíona agus leis an gcultúr bríomhar i nGaillimh Thiar. Leanfaidh mé le tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge, mar a rinne mé le linn mo ghairme. Is teanga bheo í, ach teanga leochaileach; is slí bheatha í ina bhfuil stór saibhir cultúir, scéalaíochta agus traidisiúin. Ní mór pobail na Gaeltachta a chosaint.

A vote for me, is a vote for someone who will continue our tradition of independent, community-driven representation for Galway West.

I’ve spent more than two decades working in communities, supporting the values and issues I believe in. With a gap now in independent leadership, I wish to carry that legacy forward with integrity, solidarity, and a commitment to real change.

I’m here to stand with people, challenge systems that aren’t working, and fight for a fairer, more inclusive and connected Galway West.

Vóta domsa, is vóta é sin ar son duine a choinneoidh leis an traidisiún neamhspleách pobal-stiúrtha i nGaillimh Thiar.

Tá breis agus fiche bliain caite agam ag obair le pobail agus i measc an an phobail, ag tacú leis na luachanna agus na saincheisteanna a gcreidim iontu. Agus bearna anois sa cheannaireacht neamhspleách, is mian liom an oidhreacht sin a thabhairt ar aghaidh le hionracas, le dlúthpháirtíocht, agus le tiomantas don fhíorathrú.

Táim anseo chun seasamh leis an bpobal, chun dúshlán a thabhairt do chórais nach bhfuil ag feidhmiú i gceart, agus chun troid le go mbeidh cothromaíocht, ionchuimsithitheacht agus ceangal le brath i nGaillimh Thiar.

It is time for a dramatic change in Irish politics. Leading the Connolly Presidential campaign in Galway city, I worked to unite parties and groups in a Politics of Solidarity. We imagined another way, and together, across this country, we saw how real movements create change.

I want to bring that spirit of change to the Dail, on behalf of Galway West. Based on my experience and work ethic, I will act as a bridge between parties, to create a new vision, and to drive action towards an alternative government for the people of Ireland.

Tá sé thar am athrú a dhéanamh i bpolaitíocht na hÉireann. Agus mé i mbun fheachtais Uachtaránachta Connolly i gcathair na Gaillimhe, d’oibrigh mé chun páirtithe agus grúpaí a aontú i bPolaitíocht Dlúthpháirtíochta. Shamhlaíomar bealach eile, agus le chéile, ar fud na tíre seo, chonaiceamar an t-athrú gur féidir a bhaint amach le fíorghluaiseachtaí.

Teastaíonn uaim an spiorad sin a thabhairt chuig an Dáil, ar son Ghaillimh Thiar. Ag eascairt ó mo thaithí agus ar mo dhíograis oibre, gníomhóidh mé mar dhroichead idir páirtithe chun fís nua a chruthú agus chun gníomh a thiomáint i dtreo rialtas malartach do mhuintir na hÉireann.

Help Fund the Campaign | Cabhraigh Linn an Feachtas a Mhaoiniú

Your donation will help us elect Sheila Garrity as the next TD for Galway West in the upcoming by-election. You can help us fund our series of community meetings, campaign literature, including leaflets and posters.

Cuideoidh do shíntiús linn Sheila Garrity a thoghadh mar an chéad TD eile do Ghaillimh Thiar san fhothoghchán atá le teacht. Is féidir leat cabhrú linn ár sraith cruinnithe pobail agus ábhar feachtais a mhaoiniú, lena n-áirítear bileoga agus póstaeir.