Cabhraigh leis an bhFeachtas!
Cé mé?
Le breis is 20 bliain tá mé ag obair i measc muintir an phobail, le hoibrithe deonacha, agus le gníomhaithe áitiúla ag tacú leis na cúiseanna, na feachtais agus hiarrthóirí a léirionn na luachanna a gcreidim féin iontu.
Táim mo chur féin chun tosaigh anois, den chéad uair mar iarrthóir, mar ba mhaith liom leanúint leis an obair sin — go díreach, go hoscailte, agus le muintir Ghaillimh Thiar i gcroílár gach rud.
Tosaíocht shimplí atá agam: is iad riachtanais mhuintir Ghaillimh Thiar an phriaracht. Ba cheart gach cinneadh a mhúnlú de réir cothroime, dínite, agus tuisceana ar shaoil réalaíocha ár bpobal éagsúil — ar na hoileáin, sna sráidbhailte agus sna bailte, agus inár gcomharsanachtaí uirbeacha. Mar iarrthóir neamhspleách, níl mé faoi cheangal ag aon pháirtí polaitíochta ná ag aon pháirtithe leasmhara eile — ní fhreagraím ach do mhuintir Ghaillimh Thiar agus troidfidh mé ar a son, chun caighdeán bheatha gach duine i nGaillimh Thiar a fheabhsú.
Faoi láthair, tá bearna i nGaillimh Thiar i léiriú na heite clé neamhspleáiche — bearna sa chineál polaitíochta phrionsabálta, luach-bhunaithe atá fréamhaithe sa phobal agus san uile-chuimsitheacht, san tuiscint ar chothroime agus ar chomhionannas.
Táim ag seasamh san fhothoghchán atá le teacht i nGaillimh Thiar mar creidim go bhfuil na luachanna seo tábhachtach. Creidim go bhfuil leanúnachas tuillte ag an traidisiún neamhspleách seo. Agus creidim go bhfuil guthanna neamhspleácha, atá fréamhaithe sa rannpháirtíocht, sa chomhoibriú agus sa phobal, riachtanach don daonlathas folláin.
Bí liom, le do thoil!

